Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 14:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 téigh go dtí an rí agus abair a leithéid seo leis,” agus chuir Ióáb a raibh le rá aici ina béal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus tárr chum an rígh, agus abair marso ris. Marsin do chuir Ióab na briathra ann a béul.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 14:3
9 Tagairtí Cros  

“Nach bhfuil lámh Ióáb ar do chúl sa ghnó seo go léir?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair an bhean agus dúirt: “Chomh cinnte agus atá tú i do bheatha, a thiarna liom agus a rí, níl dul as ar dheis nó ar chlé ó na nithe a dúirt mo thiarna an rí liom. Sea, is é d'óglach Ióáb a d'iarr é seo orm; chuir sé na focail seo go léir i mbéal d'ionailte.


Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”


agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d'inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá .i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.


Labhróidh tusa leis agus cuirfidh tú na focail ina bhéal. Beidh mise mar thaca le do bhéalsa agus lena bhéalsan, agus múinfidh mé duit a bhfuil le déanamh agat.


Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”


Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.


Ansin shín an Tiarna a lámh amach agus bhain le mo bhéal agus dúirt liom: “Féach, táim ag cur mo bhriathra i do bhéal. Ceapaim thú inniu os cionn ciníocha agus os cionn ríochtaí,


Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”


Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí