Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Samúéil 12:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Ann sin déirigh Dáibhi don talumh, agus dionnuil sé, agus do chuir ola air féin, agus do áthruigh a éadach, agus tháinic go tigh an TIGHEARNA, agus do adhuir: ann sin tháinic sé dhá thigh féin; agus a nuáir do íarr, do chuireadar arán ann a fhiadhnuise, agus dúaigh sé e.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 12:20
20 Tagairtí Cros  

Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. “An bhfuil an leanbh marbh?” arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. D'fhreagair siad: “Tá. Tá sé marbh.”


Dúirt a fheidhmeannaigh leis: “Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, d'éirigh tú agus chaith tú bia.”


Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;


Dúirt an rí le Simeí: “Ní chuirfear chun báis thú,” agus thug sé a mhionn dó.


Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus d'fhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus d'ofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna.


Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?


D'éirigh Iób ansin agus stróic a fhallaing agus bhearr a bhaithis, agus thit ar an talamh agus d'umhlaigh sé é féin síos


“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.


[Salm le] Dáiví. 1 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.


Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.


Saor mé ó mo chionta go léir, ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.


Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.


Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,


Níor ung tú mo cheann le hola; ach d'ung sí seo mo chosa le hola chumhra.


Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.


Maith dom mo pheaca anois le do thoil; fill ar ais liom agus adhrfaidh mé an Tiarna.”


Lean Samúéil Sól ar ais más ea agus rinne Sól an Tiarna a adhradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí