Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”
Lúcás 7:34 - An Bíobla Naofa 1981 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: Féach, duine craosach, póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach! Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ |
Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”
Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?
Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”
Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.
Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.
Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”
Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”
Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.
“Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’
Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.
Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord.