Matha 5:46 - An Bíobla Naofa 198146 Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)46 Mar má thugann sibh grá don dream a thugann grá daoibh, cad é an tairbhe daoibh é? Nach mbíonn na bailitheoirí cánacha féin ag déanamh amhlaidh? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara46 Óir má ghrádhuigheann sibh iad sin a bheir grádh díbh, cad é an luach saothair a bhéas agaibh? Nach ndéan na puibliocánaigh féin an méid sin? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)46 Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)46 Oir na bhíonn grádh agaibh don mhuinntir agá bhfuil grádh dháoibh, creud é an lúaidheachd do ghéubhthaói? a né nach déunaid na Publiocáin an ni ceúdna? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)46 Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201246 Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna? Féach an chaibidil |