Matha 5:45 - An Bíobla Naofa 198145 sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)45 ionas go mbí sibh in bhur gclann ag bhur nAthair neamhaí; mar tugann sé ar a ghrian éirí ar dhrochdhaoine agus ar dhea-dhaoine, agus cuireann sé fearthainn ar na fíréin agus ar lucht na héagóra. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara45 Ionnas go raibh sibh i bhur gcloinn ag bhur n-Athair atá ar neamh: an té a bheir ar a ghréin éirghe ar dheagh dhaoine agus ar dhroch-dhaoine, agus a chuireas fearthainn chuig daoine córa agus chuig éagcóraigh. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)45 ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)45 Do chum go mbeith sibh bhur gcloinn ag bhur Nathair féin atá air neamh: óir do bheir seisean fa deara go néirghean a ghrían air na droch dhaoínibh agus air na deagh dhaóinibh, agus do ní sé fearthuinn air na firéunachaibh agus air na neimhfhiréunchuibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)45 Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201245 sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar Neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhí-chóir. Féach an chaibidil |