Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:36 - An Bíobla Naofa 1981

36 Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Bhí duine de na Fairiséigh i ndiaidh cuireadh a thabhairt dó le béile a chaitheamh leis, agus chuaigh sé isteach i dteach an Fhairiséigh gur shuigh ag bord ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus d’iarr duine de na Fairisínigh air biadh a chaitheamh ina chuideachta, agus ar dhul isteach i dtig an Fhairisínigh dó, shuidh sé síos chun bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus d’iarr duine de na Fairisíneachaibh air biadh do chaitheamh ’n‐a fhochair. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé síos chum bidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus do íarr duine áirighe do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’ fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:36
8 Tagairtí Cros  

Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.


Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.


Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’


Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”


Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d'ola chumhra,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí