Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Tháinig Mac an duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, ‘Seo pótaire craosach, comrádaí bailitheoirí cánacha agus peacach drúiseach!’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: Féach, duine craosach, póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:34
13 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna.


Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach?


Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneach air béile do chaitheamh ’n‐a fhochair: agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé síos chum bidh.


Agus tharla, nuair do chuaidh sé isteach i dtigh duine d’uachtaránaibh na bhFairisíneach chum biadh do chaitheamh, lá na sabóide, go rabhadar ag faire air.


Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann.


Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.


Agus do‐rinne Lébhí fleadh mhór dó ’n‐a thigh: agus do bhí cuideachta mhór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a bhfochair.


Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann.


Agus fíoruightear an eagna tré n‐a clainn féin go léir.


Agus d’iarr duine de na Fairisíneachaibh air biadh do chaitheamh ’n‐a fhochair. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé síos chum bidh.


Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do bhí Marta ag friotháileamh; acht do bhí Lasarus mar aon leo‐san do bhí ’n‐a suidhe chum bidh leis.


agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh chum na bainse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí