Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 “Mar tháinig Eoin Baiste a bhí gan arán a ithe ná fíon a ól, agus deir sibh, ‘Tá drochdheamhan ina chorp.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Óir tháinic Eoin Baiste agus gan é ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: Tá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é a bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:33
12 Tagairtí Cros  

Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!


Ins na laethibh sín tháinig Eoin Baiste ag seanmórú i bhfásach Iúdaea,


Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige.


Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim, agus is é biadh d’itheadh sé lócaistí agus mil fhiadhain.


Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.


Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol.


Tháinig Mac an Duine, agus é ag ithe agus ag ól; agus adeir sibh, Féach, an duine craosach, pótaire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach!


Agus adubhairt mórán aca, Atá deamhan ann, agus is ar buile atá sé; cad chuige dhaoibh bheith ag éisteacht leis?


D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?


Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, Atá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionnat. Atá Abracham marbh, agus na fáidhe, agus adeir tusa, Má choimhéadann duine mo bhriathar‐sa, ní bhlaisfidh sé bás go deoidh.


Acht bhí cuid aca ag magadh adubhairt, Lán d’fhíon úr atá siad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí