Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Agus rinne Lébhí féasta mór dó ina theach; agus bhí buíon mhór de bhailitheoirí cánacha agus de dhaoine eile ina suí leo os cionn bia.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus rinne Leibhí féasta mór dó ina thigh féin, agus bhí sluagh mór puibliocánach agus daoine eile ann, a bhí ina suidhe chun bídh i n-aoinfheacht leo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus do‐rinne Lébhí fleadh mhór dó ’n‐a thigh: agus do bhí cuideachta mhór poibleacán agus daoine eile ann agus iad ’n‐a suidhe chum bidh ’n‐a bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus dáoine eile do shuidh na bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus do dhein Lebhí féasta mór dó ’n-a thigh, agus bhí cuideachta mhór ann de phuibliocánaigh agus de dhaoine eile a bhí ’n-a suidhe chun bídh ’n-a bhfochair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:29
9 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”


Óir, má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an tuarastal atá ag dul daoibh? Nach ndéanann na poibleacánaigh féin an rud céanna?


Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail.


Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.


Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.


Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.


Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord.


Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí