Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Lúcás 3:7 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Labhair sé mar sin an chaint seo leis na sluaite a chuaigh amach chuige go mbaisteadh sé iad, “A áil úd nathracha nimhe! Cé a thug de rabhadh daoibh teitheadh ón bhfearg atá le teacht? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin dubhairt sé leis na sluaighte a chuaidh amach le baisteadh d’fhagháil uaidh: A shliocht naithreach nimhe, cé mhúin díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt sé, d’á bhrigh sin, leis an sluagh do chuaidh amach chum go mbaistfeadh sé iad, A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair dhaoibh‐se teicheadh ó’n díbhfeirg atá le teacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin a dubhairt sé rís a tslúagh tháinic a mach do chum go mbaisdfeadh seisean íad: A shliochd na naithreach neimhe, cía thug rabhadh dhaóibh teitheadh ón fheirg a tá ag teachd? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? |
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad, agus ag fíodóireacht líonta damhán alla; an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás, agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.
A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?
“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?
agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.
An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.