Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Lúcás 3:22 - An Bíobla Naofa 1981 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus thuirling an Spiorad Naomh air i riocht corportha, mar a bheadh colm ann, agus tháinig an glór ó neamh, “Is tú mo mhac ionúin; is leat atá mé sásta.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht chorpordha mar cholmán air, agus tháinic guth ó neamh: Is tú mo Mhac múirneach, is ionnat atá mo mhór-thaitneamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus gur thuirling an Spiorad Naomh i riocht corpordha, i gcruth cuilm air, agus tháinig an guth as na flaitheasaibh, Is tusa mo Mhac ionmhain; is ionnat‐sa atá mo mhór‐aoibhneas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.” |
Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
“Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ”
Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh.
An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.
Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”
Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”
“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”
Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.”
Agus thug Eoin fianaise: “Chonaic mé,” ar sé, “an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.
Athair, tabhair glóir do d'ainm!” Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”
An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,
an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.
Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í;