Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 42:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Feuch mo sheirbhíseach, noch gabhuim orum; mo rogha, ann a bhfuil dúil manma; do chuir mé mo spiorad air: do bhéara sé breitheamhnus amach chum na ngeinteadh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:1
47 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail; go saora sé clann na mbocht, agus go mbrú sé lucht daorsmachta.


“Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:


Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.


Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;


Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla; tusa, a Iacóib, atá tofa agam, síol Abrahám, mo chara.


Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”


Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.


Is sibhse mo chuidse finnéithe - briathar an Tiarna - agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.


Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.


Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.


“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.


Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.


Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;


Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!


An lá sin, a deir Tiarna na Slua, glacfaidh mé thú, a Zarubáibil, a mhic Sheailtíéil, a sheirbhísigh liom, agus déanfaidh mé mar a bheadh fáinne séala díot. Óir is tusa atá tofa agam, a deir Tiarna na Slua.


Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.


Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.


Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”


agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”


“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé. Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht, ag fógairt a scaoilte do bhránna agus aiseag a radhairc do dhaill; ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;


ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”


Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”


Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.


Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.


Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.”


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”


“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”


“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.


Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.


trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.


Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe


Ach lom sé é féin. Agus chuir áir riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.


agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.


Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í;


Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí