Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 42:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ní dhéanaidh sé éimhghe, ní thóigfe sé súas, agus ní thiubhra fa deara a ghuth do chluinsion annsa tsráid.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 42:2
8 Tagairtí Cros  

Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.


Ní bhriseann sé an sifín brúite, ná ní mhúchann an lasair chreathanach. Soláthraíonn sé an ceart go dílis,


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha;


Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,


Ní ceart do sheirbhíseach an Tiarna bheith ag achrann; caithfidh sé bheith séimh le cách, bheith in ann chun múinte agus bheith foighneach,


Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí