Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
Lúcás 3:1 - An Bíobla Naofa 1981 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus san cúigeadh bliadhain déag d’impireacht Thibériuis Caesar, nuair a bhí Point Pioláit ina uachtarán ar Iudaia, Ioruadh ina theatrarc ar an Ghailile, agus Pilip, a dhearbhráthair, ina theatrarc ar Iturea agus ar chríocha Thrathonítis, Lusanias ina theatrarc ar an Aibiléin, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an-cuigeadh bliadhan déug dimpireachid Thibérius Séasar, ar mbeith do Phonsius Phioláid na úachdarán a ttir Iúdáighe, agus Ioruáith na théatrarc sa Ngalilé, agus Philip a dhearbhrathair na théatrarc air Ituréa agus air chrích Thrachonítis, agus Lísánias na thetrarch air Abiléne, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Caesar, nuair a bhí Pointias Píoláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Thrachóiníteas, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, |
Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród
Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”
Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.
Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d'oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”
Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.
Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,
Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;
Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.
Ansin d'éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo,
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,