Lúcás 2:47 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus níl duine dár chuala é nach ndearna iontas ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí iongantas ar a raibh ag éisteacht leis fá n-a eagna agus fá n-a fhreagracha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí iongna ar a raibh ag éisteacht leis, mar gheall ar a ghuntacht agus ar na freagraí a thugadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí. |
agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?
Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Íosa, bhí ionadh ar na sluaite faoina theagasc;
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.
Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?
I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?”
D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”