Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 agus chuir a theagasc iontas orthu, mar bʼúdarásach a bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Agus bhí uathbhás ortha fá n-a, teagasc, óir bhí cumhacht ag dul le n-a chainnt.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 agus do‐rinneadar iongnadh d’á theagasc, de bhrigh gur labhair sé as cainnt ughdarásaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg: óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:32
15 Tagairtí Cros  

Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.


Agus bhí alltacht ar chách a bhí ag éisteacht leis mar gheall ar a thuiscint agus ar a fhreagraí.


Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard:


Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”


Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.


D'fhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.”


Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.


mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.


Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí