Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
Lúcás 18:43 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus fuair sé amharc na súl ar an nóiméad agus lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia; agus nuair a chonaic siad sin, thug na daoine uile go léir moladh do Dhia. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí a radharc aige ar an bhomaite, agus lean sé é, ag tabhairt ghlóire do Dhia. Agus ar a fheiceáil sin do na daoine, thug siad go léir moladh do Dhia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnairc an pobal uile so, tugadar moladh do Dhía. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. |
Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,
Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;
Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé agus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”
tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.
Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.
Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,
Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.
Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”
Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:
Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.