Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 13:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus nuair a dubhairt sé na neithe sin, bhí náire ar gach aoinneach dá raibh ag cur ina aghaidh, agus bhí lúthgháir ar an phobal uilig fá gach nídh glórmhar dá ndearna sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair adubhairt sé na neithe sin, do chuir sé náire ortha‐san do bhí ’n‐a aghaidh: agus do bhí an‐áthas ar an sluagh de bhárr na neithe glórmhar go léir do bhí aige d’á ndéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarmidh seision.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáirdeachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a dheineadh sé chómh glórmhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán dʼáthas faoina raibh dá dhéanamh aige de bhearta oirirce.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 13:17
19 Tagairtí Cros  

Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.


Is oirirc ollásach iad a oibreacha, agus maireann a fhíréantacht go brách.


Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.


Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt; brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom.


Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?


Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.


Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán.


Éistigí le briathar an Tiarna, sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriathar Bhur muintir féin gur fuath leo sibh, agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm, deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir, go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.” Ach is orthu féin a bheidh an náire.


Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.


Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.


ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.


Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.


Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.


Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd.


agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.


agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí