Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:39 - An Bíobla Naofa 1981

39 Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Agus sheas sé os a cionn, agus bhagair sé ar an bhfiabhras, agus dʼfhág sé í; agus dʼéirigh sí ansin gan mhoill agus rinne freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus ina sheasamh dó ós a cionn, smacht sé an fiabhras, agus chuir sé ar shiubhal é. Agus ar an bhomaite d’éirigh sise agus rinne sí freastal ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do sheas sé os a cionn, agus do smachtuigh sé an fiabhras; agus d’imthigh sé dhí: agus d’éirigh sí ar an láthair, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus dʼfhág an fiabhras í; agus mʼéirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:39
7 Tagairtí Cros  

Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna ina ndearna sé dom?


Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.


Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d'imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó.


Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.


Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí