Lúcás 14:1 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Aon sabóid amháin nuair a chuaigh sé chun proinne i dteach uachtaráin de na Fairiséigh, bhíothas á gcoimeád. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, nuair a chuaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin áirithe de chuid na bhFairisíneach, ar an tsabóid, le h-arán a chaitheamh, choimhéad siad é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do chuaidh sé isteach i dtigh duine d’uachtaránaibh na bhFairisíneach chum biadh do chaitheamh, lá na sabóide, go rabhadar ag faire air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tarla, ar dteachd dhó go tighdhuine áirghe dúachdaránuibh na Bhpairísíneach a lá na sábbóidedo chaitheamh bídh, go rabhadar a coimhéd air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach duine de chinn urra na bhFairisíneach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air. |
Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais: “Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”
Cá fhad a thabharfaidh sibh faoi dhuine, sibh go léir d'fhonn a bhriste, mar dhúmas gur bhalla fíorsceabhach é, nó fál ar tí titim?
Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos; “Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.
Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.”
agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é.
Le linn na cainte, thug Fairisíneach cuireadh dó chun a mheán lae ina theach. Chuaigh sé isteach agus lig faoi ag bord.
Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,
Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith.
Ach d'éirigh duine acu ina sheasamh sa tsainidrín, Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil, máistir dlí a raibh meas ag an bpobal go léir air, agus d'iarr sé na fir a chur taobh amuigh den doras ar feadh tamaill.