Lúcás 6:7 - An Bíobla Naofa 19817 Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Agus bhí na scríobhaithe agus na Fairiséigh a choimeád go bhfeicfidís an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go mbeadh cúis acu lena cur ina leith. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus bhí na Scríobhaidhtheagus na Fairisínigh ghá choimhéad, féachaint an ndéanfadh sé leigheas ar an tsabóid, chun go bhfaghadh siad adhbhar le cur ina leith. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 Agus do bhí na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ag faire air, d’fhéachain an ndéanfadh sé leigheas, lá na sabóide; le súil go mbéadh cúis aca le cur ’n‐a leith. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 Agus bhí na Shgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith. Féach an chaibidil |