Lúcás 20:20 - An Bíobla Naofa 198120 Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)20 Mar sin bhí siad á choimeád, agus ag cur spiairí chuige, á ligean orthu bheith ina ndaoine ionraice, le greim a fháil ar rud dá ndéarfadh sé, mar dhúil is go dtabharfaidís faoi údarás agus faoi bhreithiúnas an uachtaráin é. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara20 Agus bhí siad ag coimhéad, agus chuir siad lucht ceilge, a chuirfeadh i gcéill go raibh siad cóir, le breith air ina chainnt, chun go dtabharadh siad suas do chumhacht agus do ughdarás an uachtaráin é. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)20 Agus d’fhaireadar air, agus do chuireadar uatha spíodóirí, do leig ortha féin gur dhaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, chum go dtiubhraidís suas do chumhacht agus d’ughdarás an cheann‐phuirt é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin, ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)20 Agus bhíodar ag faire, agus chuireadar chuige lucht fill do leigfeadh ortha gur dhaoine macánta iad, chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint, i dtreó go ndéanfaidís é thabhairt suas do chómhacht agus d’úghdarás an ghoibhearnóra. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201220 Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu a bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus dʼúdarás an ghobharnóra. Féach an chaibidil |