ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
Lúcás 1:74 - An Bíobla Naofa 1981 go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) go ndeonfadh sé dúinn bheith dár saoradh as lámha ár naimhde, le seirbhís neamheaglach a dhéanamh dó, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar bheith dúinn gan eagla, agus saor ó láimh ár námhad, seirbhís a dhéanamh dó Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Go dtiubhradh sé dhúinn go saorfaidhe sinn ó láimh ár námhad Chum go ndéanfaimís seirbhís gan eagla dhó An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Go ndéanfaimís, gan eagla, seirbhís dó, agus sinn saor ó lamhaibh ár namhad, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde, |
ach bíodh urraim agaibh don Tiarna bhur nDia, an té a shaorfaidh sibh ó lámha bhur naimhde go léir.”
Tá Iosrael slánaithe ag an Tiarna, tá sibh slánaithe aige go deo. Ní bheidh mearbhall ná ceann faoi oraibhse ar feadh saol na saol go brách.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”
bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.
Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.
Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”
An spiorad a thug Dia dúinn ní spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta.
agus chun a raibh faoi dhaoirse ar feadh a saoil le heagla an bháis a fhuascailt.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.