Sé mo Dhia m'fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.
Lúcás 1:69 - An Bíobla Naofa 1981 agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá crann na sláinte síoraí in airde aige i dteaghlach a sheirbhísigh Dáibhí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thóg sé adharc shlánuighthe dúinn i dtigh Dháibhidh, a shearbhónta, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thóg sé fuascaltóir mór‐chumasach dúinn I dteaghlach Dháibhi, a sheirbhíseach An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbhfhoghantuidhe féin; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chuir sé suas adharc chun slánuighthe dhúinn i dteaghlach Dáibhid a seirbhíseach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach a sheirbhísigh Dáiví– |
Sé mo Dhia m'fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.
Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,
Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”
Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.
Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
Ach déanfaidh don Tiarna a nDia, agus do Dháiví a rí a thógfaidh mise suas dóibh.
“An lá sin tabharfaidh mé ar adharc eascairt as muintir Iosrael agus ligfidh mé duit do bhéal a oscailt chun labhairt leo. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”
“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,
“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”
Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.
Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.”