Lúcás 1:66 - An Bíobla Naofa 1981 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus níl duine dár chuala nach dtaisceadh ina chroí iad, agus nach ndeireadh, “Cad é a bhéas sa leanbh seo nuair a thiocfas ann dó?” Mar bhí lámh an Tiarna ag neartú leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus gach uile duine dár chuala é, chongbhuigh sé ina chroidhe é, ag rádh: Cad é an seort, dar leat, a bhéas san ghasúr sin? Óir bhí lámh an Tighearna leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus gach uile dhuine do‐chuala iad, do thaisceadar ’n‐a gcroidheachaibh iad, g‐á rádh, Créad atá i ndán do’n leanbh so? Óir do bhí lámh an Tighearna leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gach aoinne a d’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. |
Bhí an Tiarna le Iósaef agus d'éirigh leis ina ghnóthaí go léir, agus bhí cónaí air i dteach a mháistir, an tÉigipteach,
Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.
Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.
Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
Bhí lámh Dé leo san obair agus is iomaí duine a ghlac an creideamh agus a d'iompaigh chun an Tiarna.
toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”
Bhí Samúéil ag freastal i láthair an Tiarna, agus bhí éafód línéadaigh faoina choim ar an mbuachaill.