Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:66 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

66 Agus gach uile dhuine do‐chuala iad, do thaisceadar ’n‐a gcroidheachaibh iad, g‐á rádh, Créad atá i ndán do’n leanbh so? Óir do bhí lámh an Tighearna leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

66 agus níl duine dár chuala nach dtaisceadh ina chroí iad, agus nach ndeireadh, “Cad é a bhéas sa leanbh seo nuair a thiocfas ann dó?” Mar bhí lámh an Tiarna ag neartú leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

66 Agus gach uile duine dár chuala é, chongbhuigh sé ina chroidhe é, ag rádh: Cad é an seort, dar leat, a bhéas san ghasúr sin? Óir bhí lámh an Tighearna leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

66 Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidhthibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

66 Agus gach aoinne a d’airigh iad choimeád sé cuimhne ortha, agus deiridís le n-a chéile: Cad a bheidh againn ar ball ’n-a leithéid seo de leanbh, dar leat? Óir bhí lámh an Tighearna leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

66 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

66 agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:66
16 Tagairtí Cros  

Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé ’n‐a spioraid, agus d’fhan sé ins an bhfásach go dtí an lá ’n‐a raibh air a fhoillsiú féin d’Israel.


Acht do choimhéad Muire na neithe sin go h‐iomlán, ag machtnamh ortha ’n‐a croidhe istigh.


Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé, agus do bhí sé lán d’eagna: agus do bhí grás Dé air.


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.


Agus do bhí lámh an Tighearna leo: agus do bhí cuid mhór díobh‐san do chreid agus d’iompuigh chum an Tighearna.


as ucht an dóchais atá i dtaisce ’n‐bhur gcómhair ins na flaitheasaibh, go gcualabhar tuairisc ’n‐a thaobh roimhe seo i mbriathar fírinne an tsoiscéil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí