1 Samúéil 16:18 - An Bíobla Naofa 198118 D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Ann sin do fhreagair aon do na serbhíseachaibh, agus a dubháirt, Féuch, do chonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteach, noch atá eólach a seinm, agus na dhuine ro láidir ghaisgeamhuil, agus na fhear cogaidh, agus glic a ccúisibh, agus na fhear sgíamhach, agus atá an TIGHEARNA maille rís. Féach an chaibidil |