fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.
Lúcás 1:52 - An Bíobla Naofa 1981 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chaith sé na cumhachtaí amach as a ríchathaoireacha, agus dʼardaigh sé i gcéim an dream uiríseal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Leag sé lucht na cumhachta as a gcathaoireacha, agus d’árduigh sé an dream íseal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do leag sé lucht ceannais ó n‐a rí‐chathaoireachaibh, Agus d’árduigh sé lucht na h‐umhlaidheachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do leag sé lucht cómhacht ó n-a gcathaoireachaibh ríoga, agus d’árduigh sé lucht na h-úmhluigheachta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus dʼardaigh sé daoine ísle; |
fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.
Agus tuigfidh gach crann sa pháirc gur mise, an Tiarna, a leagann an crann ard, agus a thógann an ceann íseal, a sheargann an crann glas agus a bhláthaíonn an ceann críon. Mise, an Tiarna; a labhair agus déanfaidh mé beart dá réir.”
“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.
Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”
Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”