Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Deirim libh: is é an fear seo a chuaidh abhaile fíréanta agus níorbh é an fear eile: óir gach aoinneach a árdhuigheas é féin, ísleochar é; agus an té a ísligheas é féin, árdóchar é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní hionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:14
39 Tagairtí Cros  

Óir leagann sé ar lár lucht na mbriathar uallach, Agus slánaíonn sé lucht na súl uiríseal.


Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?


Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.


Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal; ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.


Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais; óir níl aon neach fíréanta i d'fhianaise.


Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”


Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.


Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.


Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,” ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile,


Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.


Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.


Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.


Tríd an Tiarna is ea a bheidh bua agus glóir ag sliocht Iosrael go léir!”


“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.


Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.


Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.


Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”


Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.


“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.


Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle;


Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”


Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”


Agus dúirt sé leo: “Is sibhse an dream a chuireann ríocht na bhfíréan oraibh féin i láthair daoine, ach is eol do Dhia bhur gcroíthe, óir an rud a bhíonn ardmheasúil dar le daoine, is ábhar déistine é i láthair Dé.


Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.


An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t‑éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige.


Dá bhrí sin, ó táimid fíréanaithe ag an gcreideamh, tá síocháin againn le Dia trínár dTiarna Íosa Críost,


Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú?


Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.


Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.


Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”


Agus dúirt sise: “Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.” Ansin d'imigh an bhean léi; [d'fhill sí ar an halla], d'ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí