Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Cóheilit 4:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Oír is as príosún thig seision do ríoghadh; an té fós beirthior iona rioghacht fásuigh sé bocht.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 4:14
15 Tagairtí Cros  

Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.


Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.


Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.


Chuir siad mic Zidicíá chun báis os a chomhair; ansin bhain na súile as Zidicíá féin agus rug leo chun na Bablóine é faoi thromgheimhle.


Ardaíonn sé na daoine ísle Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.


Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí.


Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí