Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”
Lúcás 1:43 - An Bíobla Naofa 1981 Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus cad chuige ar deonadh dom go dtiocfadh máthair mo Thiarna chugam? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cad é mar d’éirigh seo damh-sa, go dtigeadh máthair mo Thigearna chugam? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cionnas d’éirigh dhamh‐sa go dtiocfadh máthair mo Thighearna chugam? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cad a thug so dhóm-sa, máthair mo Thighearna do theacht ag triall orm? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus conas a tharla seo dom-sa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? |
Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”
Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.
Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”
agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.
Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.
sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.
Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.
Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.
Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú
Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”
D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”