Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 110 - An Bíobla Naofa 1981


Críost: Rí agus Sagart
1 Salm Dháiví.

1 Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

2 Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.

3 Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

4 Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air: “Is sagart tú go brách de réir ord Mheilcizidic.”

5 Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.

6 Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin, déanfaidh sé carn de chonablaigh; brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.

7 Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí