Íseáia 26:16 - An Bíobla Naofa 1981 A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A THIGHEARNA, iona mhuáidhreadh thangadar ar cuáirt chugadsa, do dhóirteadar amach urnaigh a nuáir tháinic do smachdughadhsa orra. |
Dúirt mo chroí i do thaobhsa: “Bí ag lorg a ghnúise.” Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,
Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”
Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”
Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.
Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.
Dúirt siad leis: “Seo teachtaireacht ó Hiziciá: Lá anbhuaine is ea é seo, lá aithise agus náire. Tá na leanaí i mbéal a mbreithe agus níl an neart ann lena saolú.
a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’
Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”
Ansin nuair a ghlaoifidh sibh ormsa, nuair a thiocfaidh sibh chun impí ormsa, éistfidh mé libh.
Éirigh! Glaoigh amach san oíche i dtús gach seala faireacháin! lig do racht bróin amach mar thuile i láthair an Tiarna! Ardaigh chuige do lámha ar son bheatha do leanaí óga, (atá ag titim i laige le hocras ag béal gach uile shráide).
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.
Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.
D'fhreagair clann Iosrael an Tiarna: “Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!”
D'fhreagair Hanná: “Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,” ar sí, “ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m'anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna.