Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 22:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 O áitreabhach Lebanon, do ní do nead a séadruibh, ciodh a ghrásamhla bhías tú a nuáir thiucfas na doighthe ort, an phían amhuil bean ré niodhnuibh!

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 22:23
18 Tagairtí Cros  

Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?


Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann.


Tá gleo le clos ar na harda loma: Caoineadh agus impí chlann Iosrael, óir is fada amú a chuaigh siad, agus rinne dearmad ar an Tiarna a nDia.


Fágaigí na bailte, cuirigí fúibh sna creaga, a áitritheoirí Mhóáb. Foghlaimígí ón gcolm a dhéanann a nead i mbéal na haille.


Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.


Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona.


Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Iolar mór, mórsciathánach, fadeiteogach, le clúmh tiubh ildathach, a tháinig go dtí an Liobáin. Rug sé ar bharr an chéadrais,


Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]


Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.


Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.


Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.


Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.


Ansin d'fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt: “Ba dhaingean é do theach, a Cháin, agus do nead suite go hard sa charraig.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí