Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d'impigh air á rá: “A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m'anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?
Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Rachaidh mé go dtí na daoine a bhfuil an chumhacht acu agus labharfaidh mé leo, óir beidh a fhios acu sin slí an Tiarna agus reacht a nDé.” Ach bhí an chuing briste, na cuibhreacha réabtha acu siúd freisin.
Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.
Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”
Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.