Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 44:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 ¶ Annsin do fhreagair a nuile dhuine dá raibh a fhios gur loisgeadar a mná túis do dhéeibh oile, agus na huile mhná dar sheas na bhfochair, a ccoimhthionól mhór, eadhon an pobal uile dáitreibh a ccrích na Hégipte, ann Patros, do Ieremiah, gha rádh,

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 44:15
14 Tagairtí Cros  

Ach sula ndeachadar a luí, tháinig timpeall an tí fir na cathrach go léir idir óg agus aosta i Sodom, an pobal go léir gan easnamh fir.


Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.


Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.


Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;


Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré; sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad, ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad; mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”


“An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.


[Agus dúirt na mná] “Nuair a loscaimid túis do Bhanríon Neimhe agus nuair a dhoirtimid amach a híobairtí dí, an dóigh leat gur ag déanamh bairíní lena híomhá orthu agus ag doirteadh a híobairtí dí atáimid gan fhios dár bhfir chéile?”


Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: “Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte).


Tabharfaidh mé braighdeanaigh na hÉigipte ar ais agus socróidh mé iad i dtír Phatros, tír a ndúchais, áit a ndéanfaidh siad ríocht uiríseal.


Bánóidh mé Patros, cuirfidh tine le Zoan, gearrfaidh breithiúnas ar Nó.


“Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.


de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí