Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 44:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 “Níl aon rún againn éisteacht leis an bhfocal seo a labhair tú linne in ainm an Tiarna,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ar son a nfocail do labhair tú rinne a nainm an TIGHEARNA, ní éistfiom riot.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 44:16
24 Tagairtí Cros  

“Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha agus caithimis uainn a ngeimhle!”


Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”


De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht, gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;


A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.


Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.


Ach níor umhlaigh siad, níor thug dom cluas; shiúil gach aon díobh i gcomhairle a dhrochchroí féin. Ar an ábhar sin chomhlíon mé ina gcoinne briathra uile an chonartha seo a d'ordaigh mé dóibh a dhéanamh, ach nach ndearna siad.”


An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.


“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”


Mar sin labhair na ceannairí seo leis an rí: “Cuirtear an fear seo chun báis; gan amhras lagaíonn sé lámha fuíoll lucht cosanta na cathrach, agus lámha an phobail uile freisin, ag labhairt leo ar an gcaoi seo. Ní hé leas an phobail seo a iarrann mo dhuine, ach a n‑aimhleas.”


Ach má deir sibh: Ní maith linn fanacht sa tír seo; agus gan umhlú do ghlór an Tiarna bhur nDia,


labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’


Dúirt Irimia ansin leis an bpobal uile, agus go háirithe leis na mná: “Éistigí le briathar an Tiarna (a Ghiúdacha uile i dtír na hÉigipte).


Mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Sibhse, a mhná an rud a gheall bhur mbéal, is ceart go gcriochnóidh bhur lámha go cinnte! Dúirt sibh: Comhlíonfaimid go deimhin na móideanna a thugamar chun túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus chun íobairtí dí a dhoirteadh di. Tá go maith, comhlíonaigí bhur móideanna, doirtigí bhur n‑íobairtí!


Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’


Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.


D'éist mise go haireach, níl an chaint cheart acu; ní dhearna aon duine aithrí ina olc á rá: ‘Céard tá déanta agam?’ Mar a réabann an t‑each chun catha is mar sin a théann gach aon duine amú ag leanacht a chúrsa féin.


Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’


Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”


Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: “Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí