Íseáia 31 - An Bíobla Naofa 1981In Éadan na hÉigipte 1 Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna. 2 Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha. 3 Daoine is ea na hÉigiptigh agus ní déithe; is feoil a gcuid each agus ní spiorad; agus nuair a shínfidh an Tiarna amach a lámh, bainfear tuisle as fear an chuidithe agus titfidh an fear ar cuidíodh leis ina theannta, agus caillfear iad go léir le chéile. In Éadan na hAsaíre 4 Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard. 5 Ar nós mar bhíonn éanlaith ar foluain, is amhlaidh a dhéanfaidh Tiarna na Slua cumhdach ar Iarúsailéim, á cumhdach agus á baint as braighdeanas, ag ligean léi agus á scaoileadh saor. 6 Filligí ar an té atá séanta agus dúshéanta agaibh, a chlann Iosrael. 7 Sea, an lá sin caithfidh gach duine uaidh na híola airgid agus na híola óir atá dealbhaithe agaibh le bhur lámha ciontacha. 8 Rachaidh an Asaír síos roimh chlaíomh nach ón duine é agus alpfar é le claíomh nach daonna; teithfidh sé ar aghaidh an chlaímh agus déanfar sclábhaithe dá chuid óglach. 9 Tréigfidh sé a dhúnfort le tréan eagla agus fágfaidh a thaoisigh an meirge le barr scéine. Fáistine é seo ón Tiarna féin a bhfuil tine ar lasadh aige i Síón agus foirnéis aige in Iarúsailéim. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart