Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Is go díomhaóin do bhuáil me bhur cclann; níor ghabhadar smacht ar bith: bhur ccloidheamh féin do mharbh bhur bhfáighe, amhuil leomhan millteach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:30
30 Tagairtí Cros  

D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.


Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:


Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).


Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;


Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil agus bhur méara le cionta. Tá an bhréag ar bhur mbeola agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.


mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin.,


Go deimhin cluinim éamh Eafráim: ‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtú mar tharbh óg gan smacht; beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais; óir is tú an Tiarna mo Dhia.


“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.


A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.


Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.


A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan.


“A mhic an duine, abair léi: Is tír thú nach bhfuair folcadh ná cith fearthainne lá na feirge;


Is í do ghraostacht ghránna an mheirg úd. De bhrí gur mhian liomsa tú a ghlanadh agus nár mhian leat féin é, ní ghlanfar arís thú go n‑ídeoidh mise mo chuthach ort.


Ní éisteann sí leis an teachtaireacht; ní ghlacann sí leis an teagasc; ní chuireann sí a muinín sa Tiarna, agus ní thagann sí in ngar dá Dia.


“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,


Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,


ón mbuíon chéanna a d'imir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géarleanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,


agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí