Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Cén chúis ghearáin atá agaibh orm? D'éirigh sibh uile amach i m'aghaidh - is é an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Cred an fáth as a ttagarthuidhe riomsa? do pheacuigeabhair uile am aghaidh, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:29
8 Tagairtí Cros  

Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,


Deir tú: ‘Táimse saor ó locht, tá a fhearg iompaithe uaim.’ Agus féach anois mé ag tabhairt breithe ort mar go n‑abrann tú: ‘Níor pheacaigh mé.’


Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.


Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].


Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.


Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí