Íseáia 1:4 - An Bíobla Naofa 19814 Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Ah a chineadh pheacach, pobal trom lé héigceart, síol daóine míghníomhach, clann atá na millteachaibh: do thréigeadar an TIGHEARNA, do bhrostuigheadar an Táon Náomhtha Israel chum feirge, do imthigheadar rompa ar a ccúl. Féach an chaibidil |
“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.