Íseáia 1:23 - An Bíobla Naofa 198123 Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Atáid do phrionnsadha cogthach, agus na ccompanachaibh ag gaduighthibh: is ionmhuin le gach uile dhuine cumha, agus imthighid a ndiáigh na luáigheacht: ní bhreathnuighid an dilleachda, agus ní thig cúis na bamtreabhuigh chuca. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.