Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 9:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Ár ríthe, ár n‑uachtaráin, ár sagairt, ar sinsir, Níor choinnigh siad do dhlí, Ná níor thug siad aird ar aon aithne ná aon rabhadh Dá dtug tú dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus níor chongmhadar ar ríghthe, nó ar bprionnsadha, ar sagairt, nó ar naithre, do dhligheadh, agus níor umhluigheadar dot haitheantuibh nó dot fhiaghnuisighibh, ler fhiaghnuidh tú na naghaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 9:34
13 Tagairtí Cros  

Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”


Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.


Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.


Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


Bhí tú cóir i ngach ní dár tharla dúinn, Óir rinne tusa beart na dílse, Ach sinne beart na coirpeachta.


Fad bhí siad ina ríocht Agus i lár na flúirse a bhronn tú orthu, Sa tír mhór fhairsing A leath tú rompu, Níor éirígh siad as a ndrochghníomhartha.


de bhrí nár éist siad le mo bhriathra - an Tiarna a labhraíonn - bíodh agus gur chuir mé chucu gan scor mo sheirbhísigh, na fáithe. Níorbh áil leo ina dhiaidh sin éisteacht - an Tiarna a labhraíonn.”


ach leanúint orainn ag déanamh gach ar gheallamar: ag loscadh túise do Bhanríon Neimhe agus ag doirteadh íobairtí dí di, faoi mar a dhéanaimis, sinn féin agus ár n‑aithreacha, ár ríthe agus ár dtaoisigh, i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: bhí fairsinge bia againn san am sin, bhíomar go maith as, ní fhacamar aon olc.


Chuir mise chugaibh mo sheirbhísigh na fáithe gan scor; chuir mise iad lena rá: Ná déanaigí an ní gráiniúil seo is fuath liomsa.


Chuir sí i gcoinne mo dheasghnátha, níos measa ná mar chuir na ciníocha; chuir sí i gcoinne mo reachtanna, níos measa ná mar chuir na tíortha máguaird; óir thug sí cúl le mo dheasghnátha agus níor shiúil de réir mo reachtanna.


Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí