Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Nihimiá 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Na Hiúduighe na neisiomlar aithreachuis.

1 Anois annsa cheathramhadh lá fhithchiod don mhí do chruinnigheadar clann Israel do throscadh, maille re saicéaduighibh, agus cré orra.

2 Agus do dhealuidh sliochd Israel íad féin ó gach uile choimhíghtheach, agus do sheasadar agus do admhadar a bpeacuigh, agus cionta a naithreach.

3 Agus do sheasadar súas iona náit, agus do léigheadar a leabhar dlighe a TTIGHEARNA Día an ceathramhadh cuid don ló; agus an ceathramhadh cuid oile ag admháil, agus do adhradar a TTIGHEARNA Día.

4 ¶ Annsin do sheasadar súas ar staidhreadhuibh, na Lebhiteach, Iessua, agus Báni, Cadmiel, Sebahiah, Bunni, Serebiah, Báni, agus Chenani, agus do éigheadar do ghuth árd ar a TTIGHEARNA a Ndía.

5 Annsin a dubhradar na Lebhitigh, Iessua, agus Cadmíel, Báni, Hasabniah, Serebiah, Hodiiah, Sebaniah, agus Petahiah, Seasuidh súas agus beannuigh bhur TIGHEARNA Día a sáoghal na saoghal: agus go madh beannuigh hainm glórmhar, noch atá ár nárdughadh ós cionn gach uile bheannuighthe agus mholta.

6 Tusa, eadhon tusa amháin, as TIGHEARNA ann; is tú do rinne neamh, flaitheas na bhflaitheas, maille re na slúagh uile, an talumh, agus na huile neithe dá bhfuil ann, na fairgeaghdha agus a nuile ní dá bhfuil ionta, agus cumhduighidh tusa íad uile, agus adhruidh sluagh nimhe thu.

7 Is tú an TIGHEARNA Día, noch do thogh Abram, agus thug amach é as Ur na Ccaildeánach, agus thug Abraham dainm air;

8 Agus fúair tú a chroidhe fírinneach ad fhiaghnuise, agus do rinne tú cunnradh ris, dúithche na Ccanaaniteach, agus na Hittiteach, agus na Namoriteach, agus na Bperisiteach, agus na Iebusiteach, agus na Girgasiteach, do thabhairt dá shíol, agus do chomhuill tú do bhríathra; óir atá tú fíréanta:

9 Agus do chonnairc tú pían ar naithreadh san Négipt, agus do chúala tú a néigheamh ag an muir Ruáidh;

10 Agus do thaisbéin tú comharthadha agus ionganta air Pharao, agus air a mhuinntir uile, agus ar dhaóinibh a thíre uile: óir do bhí a fhíos agad go ndéarnadar go húaibhreach na naghuidh. Fúair tú marsin amm dhuit féin, mar atá a níugh.

11 Agus do roinn tú a nfairge rompa, iondus go ndeachadar tré mheadhon na fairge air thalamh tirim; agus gur theilg tú luchd a bhfoileanmhana annsna haigéanuibh, amhuil chloich annsna huisgeadhuibh neartmhara.

12 Tuilleamh oile do thréoruigh tú íad san ló le piléur néullamhuil; agus annsa noidhche le piléur teineadh, do thabhairt soluis dóibh annsa tslighe iona rachaidís.

13 Tháinic tú a núas mar an gcéadna ar slíabh Sínai, agus do labhair tú ríu ó neamh, agus thug tú breitheamhnuis cheartha dhóibh, agus dligheadh fire, reachta agus aitheanta maithe:

14 Agus dfoillsigh tú dhóibh do shábbóid náomhtha, agus dfúagair tú dhóibh aitheanta, reachda, agus dlighthe, lé láimh Mhaoise do sherbhísigh:

15 Agus thug tú dhóibh arán ó neamh iona nocarus, agus thug tú uisge amach chuca as an ccarruic chum a ttarta, agus do gheall tú dhóibh go rachaidís a steach a seilbh na tíre noch do mhionnuigh tú do bhéarthá dhóibh.

16 Acht do rinneadar féin agus ar naithrene go hanuáibhreach, agus do chrúadhuigheadar a muinéil, agus níor umhluigheadar dot aitheantuibhse,

17 Agus do dhíultadar umhlughadh, agus ní rabhadar cuimhneach ar na hionghantuibh do rinne tusa na measc; acht do chruáidheadar a muinéil, agus iona cceannairc do órduigheadar caiptín chum iompógh dá ndaóirsine féin: acht is Día thusa réigh chum maithmheachuis, grásamhuil agus trócaireach, mall chum feirge, agus lán do chinéul, agus níor thréig tú íad.

18 A nuáir fós, do rinneadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus a dubhradar, Isé so do Dhía thug amach thú as an Négipt, agus doibrigheadar mórán brostuighthe;

19 Thairis sin tusa an hiomad trócuire níor thréig tú íad ansa bhfásach: níor dhealuigh piléur an neóill ríu do ló, dha ttréorughadh annsa tslighe; nó piléur na teineadh san noidhche, do thaisbeanadh soluis dóibh, agus na sligheadh ionar chóir dhóibh dul.

20 Thug tú mar an ccéadna do spiorad maith chum a tteagaisc, agus níor chonnuimh tú do mhanna ó na mbéul, agus thug tú uisge dhóibh chum a ttarta.

21 Do chothuigh tú fós ceathrachad blíadhuin íad annsa bhfásach, iondus nach raibh eínní deasbhuidh orra; níor chríon a néadach, agus níor atadar a ccosa.

22 Tuilleamh fós thug tú rioghachta agus cineadhacha dhoibh, agus do roinn tú íad a ccoirnéuluibh: marsin do shealbhuigheadar tír Shihon, agus dúithche rígh Hesbon, agus dúithche Og rígh Basan.

23 Do fhoirlíon tú a cclann mar an ccéadna amhuil réultanna a naiéir, agus thug tú don tír íad, a ttaobh a ttug tú gealladh dhá naithribh, go rachaidís a steach dá sealbhughadh.

24 Mar sin do chúadar an chlann a steach agus do shealbhuigheadar an dúithche, agus do chlaóidh tusa dhóibh áitreabhuigh na tíre, na Canaanitigh, agus thug tú iona lámhuibh íad, maille re na ríghthibh, agus re dáoinibh na tíre, go ndéindis ríu mar do thoigeóraidis féin.

25 Agus do ghabhadar caithreacha daingne, agus dúithche mhéith, agus do shealbhuigheadar tighthe lán don nuile mhaóin, toibreacha tochuilte, fíneamhnacha, agus lubhghoirt ola, agus croinn thoruidh go lór: iondus gur itheadar, agus gur líonadh íad, agus gur fhásadar méith, agus gur shólásuigheadar íad féin ann do mhaitheas mórsa.

26 Thairis sin do bhádar easúmhal, agus do chathuigheadar ad haghaidhsi, agus do theilgiodar do dhligheadh táobh shíar dá ndruim, agus do mharbhadar thfáighe noch do níodh fiadhnuise na naghaidh dá bfilleadh chugadsa, agus do oibrigheadar glúasachta móra.

27 Uime sin do sheachuid tusa íad a láimh a námhad, noch do ghortuigh íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éigheadar ortsa, do chúala tú ó fhlaitheas íad; agus do réir iomaid do thrócaire thug tú luchd cabhartha dhóibh, noch do sháor íad as láimh a námhad.

28 Acht tar éis socamhuil dfagháil dóibh, do rinneadar a rís olc ad fhiadhnúisi: uimesin dfág tú a láimh a námhad íad, íondus go raibh úachdaranachd aca orra: ar a shonso a nuáir do fhilleadar, agus déigheadar ortsa, do chúala tú ó neamh íad; agus do sháor tú mórán duáiribh iád do réir do thrócaire;

29 Agus do nítheá fiadhnuisi na naghaidh, iondus go bhféadfa a ttabhairt a ris fad dhligheadh: do rinneadar fós go huáibhreach, agus níor éisteadar red aitheantuibhse, acht do pheacuidheadúr a naghaidh do bhreitheamhnusa, (noch má ní duine, mairfidh sé ionta;) agus do tharruingeadar chuca a nguaille, agus do cruáidhigheadar a muinéil, agus nior bháill leo éisdeachd.

30 Gidheadh diomchuir tusa léo ar feadh móráin blíadhan, agus dfiadhnuigh tú na naghaidh led spiorad ann thfáighibh: achd nior éisteadar: uimesin thug tú íad a láimh mhuinntire na duithche.

31 Thairis sin ar son do thrócaire móire níor dhíthlaithrigh tú thríd a mach íad, níor thréig tú íad; óir is Día grasamhuil trócaireach thú.

32 Anois ar a nadhbharsin ó ar Ndíane, an Día mór cumhachtach, agus úathbhásach, noch choimhlíonus cunnradh agus trócaire, na mímheastar ad lathair an buáidhreadh, noch tháinic oruinne, air ar ríoghuibh, air ar bprionnsadhuibh, agus air ar sagartuibh, agus air ar bhfáighibh, agus air ar naithribh, agus ar do phobal uile, ó aimsir rígh na Hassíria gus a niugh.

33 Acht cheana atá tusa ceart ann gach ní dá ttáinic oruinn; óir do rinne tú cóir, agus do rinneamairne go ciontach:

34 Agus níor chongmhadar ar ríghthe, nó ar bprionnsadha, ar sagairt, nó ar naithre, do dhligheadh, agus níor umhluigheadar dot haitheantuibh nó dot fhiaghnuisighibh, ler fhiaghnuidh tú na naghaidh.

35 Oír ní dhéarnadar foghnamh dhuit ann a rioghacht, agus ar son do mhaitheasa móire thug tú dhóibh, agus a nfearuinn fhairsing mhéith do chuir tú as a ccuinne, níor fhilleadar ó na ndrochoibreachaibh.

36 Féuch, atámaóid ar serbhíseachaibh a niugh, agus an fearann thug tú dar naithribh dithe a thoruidh, agus a mhaitheasa, féuch, atá maóidne ar serbhíseachaibh ann:

37 Agus is mór an tarbha do bheir sé do na ríoghuibh noch do chuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuidh: atá fós tighearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a namhghar mhór.

38 Agus da bhrígh so uile do nímid cunnradh daingean, agus scríobhtham é; agus cuirfid ar bprionnsadha, ar Lebhítigh, agus ar sagart séula air.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí