Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
Iób 8:9 - An Bíobla Naofa 1981 Fás aon lae sinne, gan aon eolas; Níl inár ré ar talamh ach scáil - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Oír ní achd ó a né sinne, agus gan fhios áon neithe aguinn, do bhrígh go bhfuilid ar láethe ar talamh amhuil sgáile:) |
Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”
Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.
Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí:
de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.
Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
Óir níl míle bliain i d'fhianaise ach mar an lá a d'imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche.