Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Ata Bildad ag agra ar Iob, gur chuir se eugcoir a leith Dhía.

1 Ansin do fhreagair Bildad an Suhiteach, agus a dubhairt,

2 Ca fad bhias tú ag labhairt na neithionn so? agus ca fad bhéid bríathra do bhéil mar ghaóith láidir?

3 An ccláonann Dia breitheamhnus? nó an ccláonann an Tuilechumhachdach ceart?

4 Má pheacuigheadar do chlann na aghaidh, agus gur theilg sé a mugha íad ar son a bpeacuidh;

5 Dá nguidhfeá chum Dé a nam, agus do ghearán do dhéanamh ris a Nuilechumhachdach;

6 Dá mbeithéa fíorghlan agus ceart; go deimhin do mhúisgeoladh sé anois air do shon, agus do dhéanadh áitreabh hionuracuis sona.

7 Matá gur bheag do thosach, thairis sin do mhéideochadh sé do chrioch dheighionach go mór.

8 Oír fíafruigh, guidhim thú, do na sinnsioruibh, agus ullmhuigh thú féin do spíonadh a naithreach:

9 (Oír ní achd ó a né sinne, agus gan fhios áon neithe aguinn, do bhrígh go bhfuilid ar láethe ar talamh amhuil sgáile:)

10 Nach múintíd siad thú, agus nach innéosuid duit, agus nach aibéoruid bríaithra amach ó na ccroidhe?

11 An bhféadann an lúachair fás súas gan lathuigh? an bhféadann an sileastar tás gan uisge?

12 An feadh bhíos fós iona ghlaise, agus gan a ghearradh síos, críonuidh sé roimhe luibh ar bith oile.

13 Is marsin atáid casáin gach áoin dhearmadas Día; agus rachuidh dóthchus a nfúarchráibhthigh a mugha:

14 Noch a ngearrfuighthear a dhóthchus amach, agus noch a mbia a mhuinighin amhuil líonradh dubháinalluidh.

15 Léigfidh sé anonn é féin air a thigh, achd ni sheasfuidh sé ris: coinneocha sé go daingion é, gidheadh ni mhairidh sé dhó.

16 Atá sé glas as coinne na gréine, agus sínidh a bheangán a mhac iona gháirdin.

17 Atáid a fhréumha craptha timchioll an chnocáin, agus do chi sé áit na ccloch.

18 Ma dhíbrionn sé as a áit é, annsin séunfuidh sé é gha rádh, Ní fhaca mé thú.

19 Féuch, isi so lúathgháir a shligheadh, agus fásfuidh neach oile as an ttalamh.

20 Féuch, ní theilgfe Día seachad duine iomlán, ní mo chuidéochus sé le luchd a nuilc do dhéanamh:

21 No go líonuidh sé do bhéul lé gáire, agus do phuisine le gáirdeachus.

22 An drong fhuáithighios thú, éaideochthar lé náire íad; agus rachuidh áitreabh an drochdhuine a neamhshuim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí