Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: “Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d'iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?”
Iób 7:16 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách. Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fúathuighim é; níor bháill liom marthuinn a ccomhnuidhe: léig dhámh féin; óir is diomhaóineas mo láethibh. |
Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: “Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d'iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?”
Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”
Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.
Ná féach ina threo, ach lig dó féin, Go gcomhlíona sé a lá dála an bhuachaill aimsire.
Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.
I dtreo gur fearr le m'anam folathachtadh, Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha
Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála; Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.
Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m'anam féin.
Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah
Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”
Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.
Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”
Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”