Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 19:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Acht dimthigh sé féin uidhe laé a steach annsa bhfásach, agus tháinic agus do shuigh síos faói chrann Iuniper: agus díarr sé dhó féin bás dfagháil; agus a dubhairt, As lór anois; a THIGHEARNA, beír leachd manum; óir ní féarr misi ná maithreacha.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 19:4
19 Tagairtí Cros  

Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.


Tháinig scéin air agus d'éirigh sé agus rith lena anam. Tháinig sé go Béar Seaba, a bhaineann le Iúdá, agus d'fhág sé a sheirbhíseach ansiúd.


Ansin luigh sé síos agus thit a chodladh air faoin tor aitinn. Ach, féach, chorraigh aingeal é agus dúirt: “Éirigh agus ith!”


Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.


Uch nach gcomhlíontar m'achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom!


Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.


Deirinn: “Ní smaoineoidh mé air, ní labhróidh mise níos mó ina ainm.” Ansin chonacthas dom go raibh tine loiscneach i mo chroí, í dúnta istigh i mo chnámha. Tá mé tuirseach ó bheith ag iarraidh í a chosc. Ní fhéadaim é a fhulaingt.


Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?


Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


An bhfuil tusa níos fearr ná an Teibh, cathair a bhí suite ar bhruach na hAbhann? (Bhí uiscí ina timpeall) Bhí an fharraige aici mar urbhalla agus na huiscí mar bhábhún.


Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”


“Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?


Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.


Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí