Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus béarthar bás do roghuin tar bheatha leis an méid bhías dfuighioll na drochmhuinntiresi uile, noch bhías dfuighioll ann gach uile áit ann a ndíbéora misi íad, a deir TIGHEARNA na slógh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:3
22 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”


Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad.


ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’ ”


Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.


Óir faoi scáth an chur i gcéill seo sheol sé teachtaireacht chugainne sa Bhablóin á rá: ‘Is fada an daoirse seo. Tógaigí tithe, déanaigí cónaí iontu, cuirigí garraithe agus ithigí a dtorthaí.’ ”


d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.


“Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: ‘Chonaic sibh an t‑anró uile a thug mise ar Iarúsailéim agus ar bhailte Iúdá; inniu tá siad ina bhfothracha gan cónaí iontu.


Mar sin, doirteadh amach mo bhruth agus m'fhearg, agus lasadh í i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, ionas go bhfuil siad ina bhfásach bánaithe go dtí an lá inniu féin.’


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Deasc fuíoll Iosrael, deasc é mar a dhéanfá le fíniúin; mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor, cuir do lámh arís sna craobhacha.”


Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo: Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh; ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta a dhonacht is a bheidh an uain.


“Nuair a thiocfaidh na nithe seo go léir sa mhullach ort, an bheannacht agus an mhallacht a chuir mé romhat, má thugann tú chun cuimhne iad i measc na náisiún go léir, mar a dtiomáinfidh an Tiarna do Dhia thú,


Má bhíonn fán fada ar aon chuid agaibh go himill na cruinne cruinneoidh an Tiarna do Dhia fiú ón áit sin thú, agus tabharfaidh sé leis as sin thú,


agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;


Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí