Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus leathnochuid síad íad as coinne na gréine, agus na gealuidhe, agus shlóigh neimhe uile, noch dob ionmhuin léo agus dá ndeárnadar seirbhís, agus a ndiáigh ar shiúbhluigheadar, agus noch díarradar, agus noch do adhradar: ní chruinneochthar íad, ní hadhlocthar íad, biáid chum aóiligh ar ghnúis na talmhan.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:2
32 Tagairtí Cros  

Thug siad droim láimhe le haitheanta an Tiarna a nDia, agus rinne siad íola de mhiotal leáite, dhá lao, dóibh fén; rinne siad cuaillí naofa dóibh féin, agus thug siad adhradh do shluaite uile na spéire, agus seirbhís do Bhál.


Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.


Thóg sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna.


Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire.


An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.


Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;


an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór, a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.


Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.


Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.


Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.


Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”


Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”


“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.


Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”


Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.


Agus sibhse, a mhná, éistigí anois le briathar an Tiarna, gabhadh bhur gcluasa focal a bhéal. Múinigí do bhur n‑iníonacha caoineadh, múinigí dá chéile olagón.


Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.


Tá corpáin daoine ina luí amhail aoileach ar aghaidh an mhachaire, amhail punanna i ndiaidh an bhuanaí, agus ní chruinníonn aon duine iad.


Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,


Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n‑íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n‑altóirí.


Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.


Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;


agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh - nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,


Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí